The latest news from Gaelport.com
An tÚdarás in 2014
Faoi Chlár Athbhreithnithe Caipitil an Rialtais (Capital Review Programme) tá sé molta go n-ísleofaí buiséad caipitiúil na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ó €105m i mbliana go €86m an bhliain seo chugainn, go €40m in 2012 agus go €30m in 2013.
Deir Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Má chloítear leis na figiúirí seo agus má bhaintear an buiséad don Chlár Leader den Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta is léir nach mbeidh caipiteal ar bith fágtha agus nach mbeadh Údarás na Gaeltachta in ann feidhmiú mar eagraíocht fheidhmithe amach anseo.”
I gcruinniú le hÚdarás na Gaeltachta Dé hAoine seo caite dúirt an tAire Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha, go bhfuil sé muiníneach go mbeidh ról láidir fós ag an Údarás i bhfiontraíocht agus i bhfostaíocht, cé nach é sin dearcadh an Rialtais faoin gClár Athbhreithnithe Caipitil.
Tá sé beartaithe ag an Rialtas cúraimí fiontraíochta a aistriú ó Údarás na Gaeltachta go dtí Fiontraíocht Éireann. Deir Pádraig Ó hAoláin,
“Níl aon taithí ag Fiontraíocht Éireann i leith fiontraíocht tuaithe. Measaimid go bhfuil 65% d’fhiontraíocht Údarás na Gaeltachta nach mbeadh Fiontraíocht Éireann in ann déileáil leis mar eagraíocht mar atá sí faoi láthair.Bheadh ar Fhiontraíocht Éireann leasú a dhéanamh ar a gcuid reachtaíochta chuige seo.”
Foilsíodh tuarascáil de chuid an Chomhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i leith na Dréacht-Straitéise 20 bliain don Ghaeilge an tseachtain seo.
Deir sé sa tuarascáil gur chóir go gcinnteofaí go bhfuil “príomhchúram forbartha gheilleagar agus bhonneagar na Gaeltachta á fhágáil faoi Údarás na Gaeltachta / na Gaeilge nua, agus nach mbeidh aon laghdú i seirbhísí don Ghaeilge mar gheall ar athstruchtúrú an Údaráis.”
Síleann Pádraig Ó hAoláin go gcaithfear “muinín a bheith againn as an Aire Gaeltachta atá againn agus muinín go dtiocfaidh athrú ar na figiúirí luaite mar atá siad.”
Tá plé iomlán le déanamh go fóill ar bhuiséad na Roinne, agus an Údaráis dá bharr, roimh cháinaisnéis 2011. Beidh an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á plé ag an gCoiste Comhaireachta i Mí Mheán Fómhair agus todhchaí Údarás na Gaeltachta mar chuid de sin.
Gaelscéal - Treasa Bhreathnach
30 Iúil 2010
www.gaelsceal.ie