An Fáinne
An Fáinne – do nasc leis an nGaeilge
Is siombail choitianta tras-chultúrtha é fáinne a sheasann don aontacht agus don leanúnachas. Ní bhíonn tús nó deireadh leis, ná deighilt ar bith ann, agus léiríonn sé comhlántacht agus síoraíocht. Tá An Fáinne mar shiombail ar an nasc atá agat leis an nGaeilge. Caitear An Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt.
Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat. Tá an Seanfháinne (Ór) ar fáil chomh maith dóibh siúd gur mhaith leo é.
Tá suaitheantas den teideal 'Cúpla Focal' ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge atá bródúil as an gcúpla focal atá acu. Tá Fáinne 9 ct. ann a dhéanfadh bronntanas deas duit féin nó don duine is ansa leat nó do té ar mhaith leis ábhar ar chaighdeán níos airde.
Bronnann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Duais an Fháinne i gComórtas idirnáisiúnta Ghlór na nGael ar an gcoiste áitiúil is mó a chuireann fealsúnacht agus caitheamh An Fháinne chun cinn. Bioráin ar ard-chaighdeán, atá snasta, loinnreach agus álainn.
Caith An Fáinne – léirigh do nasc leis an nGaeilge
Ar bheagán Gaeilge? Léirigh tacaíocht tríd an suaitheantas “Cúpla Focal” a chaitheamh
Roghnaigh An Fáinne a oireann don leibhéal cumais atá agat Ceannaigh ar líne anois - www.fainne.ie Lascaine 10% ar ordaithe de 25 suaitheantas nó níos mó
-
Fáinne Óir € 5.50
-
Fáinne Airgid € 4.00
-
Seanfháinne € 7.00
-
Fáinne 9 ct € 55.00
-
Cúpla Focal € 4.00
Ceannaigh Fáinne ar líne anois!
Anois is féidir fáinne a cheannach ar líne ar www.gaelport.com. Is fearr cliceáil ar an nasc seo chun fáinne a cheannach nó téigh chuig 'Siopa' ag barr an leathanaigh.
Baintear leas an teicneolaíocht is úra agus sabháilte ionas go gcinnteofar go mbeidh Ríomh-Idirbheart Slán do chustaiméirí Má tá ceist ar bith agat faoin gcóras nua is féidir teagmháil a dhéanamh le Cilllian de Burca cillian@comhdhail.ie

Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?