Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo
Is córas pátrúnachta náisiúnta é An Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge a bunaíodh sa bhliain 1993. Bunaíodh é chun go mbeadh rogha eile pátrúnachta ag gaelscoileanna nua a bheadh ag oscailt sna blianta atá le teacht. Tá an Foras aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar chóras pátrúnachta agus tá sé inghlactha agus oiriúnach do scoileanna lánGhaeilge ag an mbun agus ag an dara leibhéal. Is comhlacht teoranta gan scairchaipitil atá mar struchtúr ag an bhForas. Is córas daonlathach atá ann agus tá Bunracht dá chuid féin aige.
Ceann de na buanna atá ag an bhForas Pátrúnachta ná go bhfuil an córas pátrúnachta seo oscailte do scoileanna de gach saghas aicme creidimh agus do scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheacha. Bua eile ná go neartaíonn sé gluaiseacht na scoileanna lánGhaeilge go mór, sa mhéid is gur eagras náisiúnta é.
Tá líon na ngaelscoileanna faoi phátrúnachta an Fhorais ag méadú ó bhliain go bliain le 46 gaelscoil faoi scáth an Fhorais i láthair na huaire móide Gaelcholáiste amháin.
Mar phátrún, bainisteoir agus eagraíocht oideachasúil, creideann an Foras sa mhisean atá aige ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh an chreidimh de. 'Sé sin moladh, cúnamh agus treoir a thabhairt do bhoird, do phríomhoidí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí mar is gá, agus tacú le sainmheon, forbairt agus fás na scoileanna faoina chúram.
Cathaoirelach: Seamús Ó Ceanainn
Stiúrthóir/Rúnaí: Dónall Ó Conaill
92 Bóthar Sheannaigh,
Rath Éanaigh,
Baile Átha Cliath 5,
Éire.
Teil: (01) 8314487/(087) 2359198
Faics: (01) 8314487
Ríomhphost: donalloconaill@oceanfree.net / foraspatrunachta@hotmail.com
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?