Gaelscoileanna
Céard is GAELSCOILEANNA TEO. ann?
Bunaíodh GAELSCOILEANNA TEO. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge. Is í príomhaidhm GAELSCOILEANNA TEO. ná an ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal fud fad na hÉireann.
Is é an gaeloideachas ceann de na réimsí oideachais is mó fás agus forbairt in Éirinn le 30 bliain anuas agus tá GAELSCOILEANNA TEO. chun tosaigh san fhás agus san fhorbairt sin. Faoi láthair tá 170 bunscoil lán-Ghaeilge agus 42 iarbhunscoil lán-Ghaeilge faoi lán seol sa 32 contae (lasmuigh den Ghaeltacht), le 139 agus 38 faoi seach sna 26 contae. Tá os cionn 35,500 páistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an eagraíocht á maoiniú ag Foras na Gaeilge
Ardfheidhmeannach: Bláthnaid ní GhréacháinUachtarán: Mícheál Ó Broin
GAELSCOILEANNA TEO.
Institiúid Oideachais Marino,
Halla Naomh Pádraig,
Ascaill Uí Ghríofa,
B. Á.C. 9
+353-1-8535195
www.gaelscoileanna.ie
Member List
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?