Skip to main content

Polasaí Príobháideachais

Urramaíonn Gaelport.com agus a chuideachtaí comhlachaithe do cheart chun príobháideachta agus sa ráiteas seo leagtar amach beartas Ghaelport.com maidir le coimirce ar fhaisnéis a nochtann tú dúinn. Ní dhéanfaidh Gaelport.com mura mbeidh cead sainráiteach faighte uait ar dtús, faisnéis fút a nochtadh dá dheoin féin in am ar bith, más rud é go bhféadfaí an fhaisnéis sin a úsáid chun a aithint d'aon tríú páirtí cé tú féin. Dá ainneoin sin, aithníonn tú go bhféadfaidh Gaelport.com faisnéis chlárúcháin áirithe a nochtadh do thríú páirtí, ar shlí chomiomlánach, nó go bhféadfaidh sé an fhaisnéis sin a úsáid chun eolas a dhíriú chugat faoi ábhair, earraí nó seirbhísí ar dóigh linn go mbeidh spéis agat iontu.

In aon chás ina n-iarrann Gaelport.com faisnéis phearsanta ort amhail d'ainm agus do sheoladh, óna bhféadtar tú féin a aithint go pearsanta, ní dhéanfaimid a leithéid ach amháin má bhíonn an fhaisnéis sin uainn chun críoch sonrach, mar shampla clárúchán.

Cuirfimid ar an eolas tú i ngach cás sula mbailítear an fhaisnéis cad é atá beartaithe againn a dhéanamh léi sa chaoi gur féidir leat a chinneadh an dtabharfaidh tú an fhaisnéis sin dúinnn nó nach dtabharfaidh. Más rud é go gcinnfidh tú tráth ar bith tar éis an fhaisnéis sin a thabhairt dúinn nach mian leat a thuilleadh go gcoinneoimis nó go n-úsáidfimis an fhaisnéis sin, nó má tá an fhaisnéis tar éis dul as dáta, tá cead agat scéal a chur chugainn, agus déanfaimid gach iarracht réasúnach an fhaisnéis a bhaint nó a cheartú go pras.

Aithníonn tú agus comhaontaíonn tú gur féidir go mbeidh orainn in imthosca áirithe faisnéis phearsanta fút a nochtadh do thríú páirtithe, mar shampla chun aon cheanglais dlí a chomhlíonadh nó chun déanamh de réir aon phróisis dlí, agus ina theannta sin chun cearta maoine Ghaelport.com agus/ nó ár gcustaiméirí eile a chosaint.

Bíodh a fhios agat go gcoimeádtar eolas ginearálta faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin gach uair a úsáideann tú é. Bailítear faisnéis staitistiúil agus faisnéis anailíseach eile i dtaobh na mbrabhsálaithe go léir a úsáideann an láithreán. Is faisnéis chomhiomlánach í sin seachas faisnéis shonrach faoi dhaoine indibhidiúla. Cuireann an fhaisnéis staitistiúil agus anailíseach seo faisnéis ghinearálta ar fáil dúinn, nach faisnéis shonrach i leith daoine indibhidiúla, faoin líon daoine a úsáideann an láithreán gréasáin seo; faoin líon daoine a fhilleann ar an láithreán seo, faoi na leathanaigh a úsáideann siad, cá raibh siad roimh theacht go dtí an láithreán seo agus an leathanach agus an láithreán ónar imigh siad as an ngréasán. Cuidíonn an fhaisnéis seo linn faireachán a dhéanamh ar úsáideoirí ár láithreáin ghréasáin, sa chaoi gur féidir linn cumas agus éifeacht an láithreáin ghréasáin a bhainistiú. Cuidíonn sé linn freisin teacht ar thuiscint cé na codanna den láithreán gréasáin seo is mó a bhfuil éileamh orthu agus iompar agus sainghnéithe úsáideoirí a mheasúnú i gcoitinne chun an spéis atá i gcodanna éagsúla den láithreán gréasáin agus a n-úsáid a thomhas. Is féidir faisnéis agus sonraí neamhphearsanta den chineál seo a bhailiú trí oibriú caighdeánach ár bhfreastálaithe agus ár loig idirlín agus trí "fhianáin" chomh maith leis sin.

Bealach simplí amháin chun úsáid fianán a chosc ná an tsaoráid a chur i ngníomh atá ar fáil ar bhunús na mbrabhsálaithe gréasáin agus a chuireann ar chumas duine diúltú d'fhianáin nó glacadh leo. Ba chóir go dtuigfeá, áfach, gur féidir go mbíonn gá le fianáin chun gnéithe áirithe a chur ar fáil duit amhail faisnéis áirithe a sheachadadh ar chaoi saindírithe.

Bíodh a fhios agat freisin, i gcás go dtéann tú chuig láithreán gréasáin eile trí nasc ó láithreán gréasáin Ghaelport.com nach bhfuil urlámh ar bith ag Gaelport. com ar an láithreán gréasáin eile sin. Dá réir sin ní féidir le Gaelport.com a chinntiú go n-urramóidh stiúrthóir an láithreáin ghréasáin sin do phríobháideacht mar a dhéanann Gaelport.com.

Ar deireadh bíodh a fhios agat gur féidir le tríú páirtithe nach eol duitse ná do Ghaelport.com iad faisnéis phearsanta a nochtann tú ar chláir teachtaireachtaí a bhailiú agus a úsáid. Dá bhrí sin, ní thugann Gaelport.com aon ráthaíocht go mbeidh faisnéis a nochtann tú ar-líne slán agus aithníonn tú agus comhaontaíonn tú go ndéanann tú sin ar do phriacal féin. Aithníonn tú agus comhaontaíonn tú fosta go mbaineann priacail áirithe ó nádúr le húsáid an idirlín agus nach bhfuil Gaelport.com faoi aon dliteanas maidir leo sin.

Tá an ceart á choimeád ag Gaelport.com dá rogha féin amháin an ráiteas príobháideachta seo a leasú tráth ar bith agus ba chóir dúinn an ráiteas príobháideachta seo a sheiceáil go rialta féachaint an bhfuil aon leasú déanta air.

Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214