| Eagrán / Edition 18 - 07 10 2008 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar / Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
Comhar na Scríbhneoirí Óga agus Fásta! |
Irish Writers Young and Old join together! |
Agus oícheanta fada Geimhridh romhainn tá tuilleadh ama ag daoine peann a chur ar phár agus snas a chur ar a gcuid scileanna scríbhneoireachta. Tá an t-irisleabhar YEWF á fhorbairt i gcomhpháirt le MFG Comhar Dhuibhne agus An Chomhairle Ealaíon. Ag seasamh leis an gcomhpháirtíocht seo beidh tiomantas láidir ann don Ghaeilge. Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge agus tá se mar aidhm ag YEWF go mbeadh 50% den ábhar ar fáil i nGaeilge. Cuirfear an chéad eagrán den irisleabhar ar fáil i ngach leabharlann phoiblí agus i 42 caife óige fud fad na tíre. Gan amhras bainfidh scríbhneoirí agus léitheoirí sult agus tairbhe as an dá irisleabhar náisiúnta sin. |
With long winter nights stretching out before us, people have more time than ever to put pen to paper and polish up their writing skills. Writing classes and workshops are taking place across the country and now two magazines are accepting Irish articles from writers both young and old. YEWF (Young Emerging Writers and Artists forum) is a national arts journal created and edited by young Irish people, providing 13 to 18 year olds with an opportunity to showcase their art, short stories and poetry in English and Irish. It has been made possible with the support of the Arts Council. The first issue of YEWF, due out at the end of 2008, will be sent to every public library and to the 42 Youth Cafés throughout Ireland, providing a national forum for young writers and artists. |
Oireachtas na Samhna: An mbeidh tusa i Láthair? |
Oireachtas na Samhna : Will you be there? |
Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl cois laoi in Ostán na Páirce, Baile an Róistigh idir Déardaoin 29 Deireadh Fómhair agus 1 Samhain 2008. Leanfaidh an scléip agus an spraoi ar an Satharn nuair a bheidh comórtas árdáin ann do dhaoine fásta, maille le seimeanár Chonradh na Gaeilge agus an dá mhórchomortas: Comórtas Rince ar an Sean-Nós agus Corn Uí Riada, an príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós. Beidh Coinneamh Luchd Labhairt na Gàidhlig ar na himeachtaí cultúrtha agus ar na comórtais arna léiriú ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana i gCorcaigh. Tionólfar Coinneamh Luchd Labhairt na Gàidhlig ag Rochestown Park Hotel ag 4.30 i.n., Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair. Cuirfidh an cruinniú Gáidhlig seo béim ar an gceangal idir muintir na Gaeilge sa dá thír, agus pléifear amhráin na Seacaibíteach, amhráin a mhol an ríora Stiubhartach agus a n-iarrachtaí ar theacht i gcoróin arís sa Bhreatain, agus a mhol go háirithe na laochra a d'imir a n-anam ag troid go cróga ar son na Stiubhartach. Beidh fear as Inse Gall, Ailean Dómhnallach, ag labhairt faoi roinnt sean-amhrán i nGaeilge na hAlban a bhaineann leis an ngluaiseacht Sheacaibíteach in Albain. Ar an gcaoi chéanna, beidh an Muimhneach Éamonn Ó hÓgáin ag cur síos ar an bhfile Éireannach Seán Clárach Mac Domhnaill. Tá a chuid filíochta faoi bhriseadh 'Bonnie Prince Charlie' agus faoina éalú as blár Chúl Odair sa bhliain 1746 á rá fós. Rugadh agus tógadh Seán i gCorcaigh, agus breathnaíonn formhór na gcainteoirí Gaeilge ar a dhán Mo Ghile Mear mar 'iomann náisiúnta Dhaonphoblacht Chorcaí'. Labhróidh an tAlbanach ina theanga dhúchais, Gáidhlig, agus ina dhiaidh sin, déanfaidh an Dr. Máire Ní Annracháin as Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad, achoimre ar a léacht. Tá tuilleadh eolais faoin Oireachtas ar fáil ar an suíomh gréasáin www.antoireachtas.ie agus más mian leat tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar Choinneamh Luchd Labhairt na Gaidhlig déan teagmháil le Risteárd Dónal Mac Aodha ag 353 2729290 nó seol ríomhphost chuig damhsoir@eircom.net Beidh foireann Ghaelport i láthair le seastán san óstán an deireadh seachtaine ar fad agus tá súil againn bualadh leis na craoltóirí atá i láthair ag an ócáid iontach seo! |
Oireachtas na Samhna will take to the banks of the Lee in Cork in the Rochestown Park Hotel between the 29 October and 1st of November 2008. |
Craos, Dráma nua le Darach Ó Scolaí |
Craos, a new drama by Darach Ó Scolaí |
Cuirfear tús le camchuairt Craos, dráma nua le Darach ó Scolaí san New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath ón 21 – 25 Deireadh Fómhair 2008. Beidh sé le feiceáil san Eaglais Úinitéireach, Sráid an Phrionsa, Corcaigh ón 29 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2008, mar pháirt d'Fhéile Oireachtas na Gaeilge 2008. Ansin beidh sé dul ar aghaidh go dtí an Chultúrlann i mBéal Feirste ón 6 – 8 Samhain. Bheidh Craos á léiriú ag Salamandar, compántas drámaíochta Breacán teoranta agus is é Darach Ó Scolaí a bheidh á stiúradh. Tuilleadh eolais faoin ndráma eirimiúil seo ar fáil ó 091 505719 or 087 9102582 agus ó breacan@eircom.net. |
Craos, the new drama from the pen of Darach Ó Scolaí will start its nationwide tour in the New Theatre, Temple Bar in Dublin on the 21-25th October, 2008. It will take to the stage of the Unitarian Church, Princes St, Cork on the 29th October-1st November 2008 as part of the Oireachtas na Gaeilge festival. Then it will travel north to the Cultúrlann in Belfast from the 6-8th November. The drama company, Salamander, is bringing the production to the stage under the direction of Darach Ó Scolaí. Further information about this lively drama can be obtained from: 091 505719 or 087 9102582 and from breacan@eircom.net. |
Logainm.ie: Leagan oifigiúil gach logainm ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge |
Logainm.ie: Official Irish and English placenames now available online |
Ar deireadh thiar thall tá freagra ar fáil ar an gceist leanúnach sin a bhíonn ag cur as do dhaoine - cén t-ainm Gaeilge atá ar an sráidbhaile sin nó ar an gceantar áirithe úd! Tá láithreán gréasáin nua ar an bhfód a chuireann an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin baile, sráid agus oifig phoist ar fud na tíre ar fáil don phobal. |
Finally there is an answer to the eternal question that plagues many of us- What is the Irish for that village or that area? A new website has recenly launched which provides the official Irish language names of almost 100,000 towns, streets and post offices throughout the country. |
Brúigh cnaipe uimhir a trí má tá tú ag iarraidh labhairt le duine le Gaeilge..... |
Press button number 3 to speak to someone with Irish... |
Glacadh an chéad chéim eile i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangaacha Oifigiúla an tseachtain seo caite nuair a shíningh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D. rialacháin nua faoin Acht. Tá dhá bhunphrionsabal mar bhonn leis na Rialacháin. Is é an chéad cheann ná go mbeidh rogha idir úsáid na Gaeilge, nó na Gaeilge agus an Bhéarla, ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht, le cinntiú go dtugtar tús áite mar is ceart don Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil agus an teanga náisiúnta. |
The next step in the implementation of the Official Languages Act was taken last week when The Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív T.D signed new regulations under the Act into law. Further information on the regulations is available here. |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Connacht |
2008-10-12 Cupán Eolais , Óstán Clew Bay, Cathair na Mairt, Maigh Eo, [[Ar lean] / [More]] |
2008-10-17 go 2008-10-19 Comhdháil an Chraoibhín 2008 , Óstán An Abbeyfield, Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin. , www.roscommonarts.com/hyde [[Ar lean] / [More]] |
Laighean |
2008-10-09 Zak Powers ag CLUB SULT 09 Deireadh Fómhair 2008, Break for the Border, Sráid Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, www.clubsult.com [[Ar lean] / [More]] |
2008-10-10 go 2008-10-12 Éigse Dharach Uí Chatháin, Ráth Chairn, Co. Na Mí, [[Ar lean] / [More]] |
2008-10-12 go 2008-10-19 Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Chorcaí, Cathair Chorcaí, www.corkfilmfest.org [[Ar lean] / [More]] |
Mumhain |
2008-10-10 go 2008-10-12 Ceiliúradh an Bhlascaoid 2008 , Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí, www.ceilliuradh.com [[Ar lean] / [More]] |
2008-10-12 go 2008-10-19 Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Chorcaí, Cathair Chorcaí, www.corkfilmfest.org [[Ar lean] / [More]] |
2008-10-26 go 2008-11-02 Oireachtas na Samhna 2008, Bhaile an Róistigh, Corcaigh, [[Ar lean] / [More]] |
Ulaidh |
2008-11-13 go 2008-11-16 Féile Píobaireacht William Kennedy, Ard Mhacha , [[Ar lean] / [More]] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Féile Cultúr Príomhimeachtaí Comórtas Ceardlann Amhránaí Amhránaíocht ar an Sean-Nós Damhsóir Damhsa ar an Sean-Nós Scéalaí Scéalaíocht Agallamh Beirte Seó Ardáin Comórtas Fichille Taispeántas Ealaíne Seoladh Oifigiúil Seoladh Leabhair Mura dtriailfidh tú ní ghnóthóidh tú Mol an óige agus tiocfaidh sí Is leor ó dhuine a dhícheall Trí ní nach féidir a fhoghlaim – guth, féile agus filíocht Is túisce deoch ná scéal Cleachtadh a níos máistreacht |
Caoimhe Ní Mhuirithe WLRFM |
Caoimhe Ní Mhuirithe WLRFM |
Céard is ainm duitse agus cad as duit agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh? Caoimhe Ní Mhuirithe. Port Láirge. WLRFM. Cuirim clár Gaeilge dár teideal ‘Mar Dhea’ i láthair maidin Dé Domhnaigh ag a seacht a chlog ar maidin. Bíonn an bhéim curtha ar ch úrsaí Gaeltachta sa Déise. |
What’s your name, where are you from and who are you broadcasting with? My name is Caoimhe Ní Mhuirithe, WlRFM. I present a weekly Irish programme called ‘Mar Dhea’ every Sunday morning at 7 a.m. The programme concentrates on issues from the Waterford Gaeltacht. 2. How long have you been broadcasting in Irish? Whats is the greatest difference between broadcasting in Irish than broadcasting in English? Who is the person you would most like to interview in Irish? Who was the most interesting guest you have had on your programme? What is your own favourite radio programme? What is is your inspiration and the highlight of broadcasting? |
An spéis leat bheith ag craoladh cláir Ghaeilge ar Stáisiún Raidió Pobail? |
Interested in learning to be a Community Radio Broadcaster through Irish? |
Tá CRAOL ag eagrú cúrsa réamheolais ar chraoltóireacht ar raidió pobail i mBaile Átha Cliath san Fhómhar. Táthar ag súil go dtosóidh an cúrsa sa chéad seachtain de mhí na Samhna agus tabharfaidh an cúrsa an deis do rannpháirtithe scileanna sainiúla simplí don chraoltóireacht trí Ghaeilge a fhoghlaim. Ag deireadh an chúrsa tabharfar an deis dóibh siúd a ghlac páirt sa chúrsa clár a dhéanamh ar cheann de na sé stáisiún raidió pobail atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá Coimisiún Craolacháin na hÉireann ag déanamh urraíochta ar an gcúrsa agus is iad Liffey Sound atá á eagrú. Más spéis leat an cúrsa a dhéanamh déan teagmháil le ellen.mairin@gmail.com. |
CRAOL is running a free "Introduction to community radio broadcasting" in Dublin this Autumn. Training is expected to start in the first week of November and will give participants a chance to learn simple broadcasting skills through the Irish Language. As the course ends, participants will have an opportunity to get involved in programme making at any one of the six Dublin-based Community Radio Stations. The CRAOL initiative is being supported through the BCI and co-ordinated through Liffey Sound. To register your interest please email ellen.mairin@gmail.com. |
Doiléiriú na dteorainneacha idir na meáin: an dúshlán is mó atá ag bagairt rialachán |
Blurring Of Media Lines New Challenge For Regulation |
Dúradh ag Comhdháil CCÉ go bhfuil se ríthábhachtach go dtuigfeadh Éireannaigh múchadh córas Analóg agus an t-athrú go córas digiteach. Dúirt Cathaoirleach Choimisiún Craolacháin na hÉireann, an tUasal Conor Maguire gurb é doiléiriú na dteorainneacha idir na meáin an dúshlán is mó a bheadh ag bagairt rialachán sa todhchaí. Ag labhairt dó ag an gComhdháil a d’eagraigh an CCÉ (BCI) i Meán Fómhair dúirt an tUasal Maguire ‘Is léir go bhfuil doiléiriú ag teacht ar na teorainneacha idir na meáin de réir a chéile. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an Coimisiún breathnú níos géire ar na himpleachtaí do rialacháin. Creidimse go gcaithfear an bhéim a leagan ar ábhar. Beidh teicneolaíocht ag athrú agus ag dul chun cinn i gcónaí, ach tá sé tábhachtach go mbeadh cur chuige oiriúnach againn atá in oiriúint do na prionsabail rialacháin: solúbthacht, comhsheasmhacht agus cothromaíocht. |
Conference Told It’s Vital That Irish Citizens Understand Analogue Switch-Off And Digital Switch Over The Chairman of the Broadcasting Commission of Ireland, Mr Conor Maguire, has said the blurring of the lines between media would be a major challenge for future regulation. Speaking at the BCI's National Broadcasting Conference , Mr Maguire said: 'It is becoming apparent that the lines between media are becoming increasingly blurred. For us as a Commission we will need to look more closely at the regulatory implications. It is my belief that the emphasis must remain on content. Technologies will always continue to evolve and change, but it’s important that our approach to content regulation is appropriate and in line with the regulatory principles of flexibility, consistency and fairness.' [More] |
Comórtais Oireachtais Ar RTÉ Raidió Na Gaeltachta |
Oireachtas na Samhna Compeitions to be broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Cúis áthais do RTÉ Raidió na Gaeltachta a dheimhniú go gcraolfar mórchomórtais amhránaíochta an Oireachtais le linn Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh. Tháinig RTÉ Raidió na Gaeltachta ar shocrú craolacháin le hOireachtas na Gaeilge i ndiaidh cruinnithe i gCasla inniu (Dé Máirt). Mar thoradh ar an socrú seo craolfar: (1) Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama Síneofar conradh craolacháin leis an Oireachtas ina ndearbhófar go mbeidh beochraoladh na gcomórtas faoi cheannas eagarthóireachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is í foireann eagarthóireachta agus bainistíochta na seirbhíse a bheidh freagrach as léiriú agus láithriú na gcomórtas le linn dóibh a bheith ar an aer. [Ar Lean] |
RTÉ Raidió na Gaeltachta are delighted to announce that the major singing competitions of Oireachtas na Samhna, which will take place in Cork this year, will be broadcast on the station. An agreement will be signed with the Oireachtas which will confirm the live broadcast of the competition under the editorial care of Raidió na Gaeltachta. |
15 Bliana ar an Aer - Lá Breithe Sona Duit, A Raidió na Life 106.4fm! |
Raidió na Life 106.4 FM Celebrates 15 Years on Air |
Déardaoin seo caite, 25 Meán Fómhair, rinneadh ceiliúradh agus comóradh i mBaile Átha Cliath ar chúigiú breithlá dhéag Raidió na Life 106.4fm, stáisiún pobail Gaeilge Bhaile Átha Cliath, agus an chéad stáisiún raidió pobail sainspéise sa tír a fuair ceadúnas le craoladh ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann. Craoladh sceideal speisialta de chláir ón gcartlann i rith an lae Déardaoin seo caite mar aon le clár "freangadh ama" (nó time warp) speisialta a chuir Traic Ó Braonáin, láithreoir an chláir Neamh, i láthair i rith an tráthnóna. I measc na gclár speisialta a craoladh ón gcartlann, bhí eagrán speisialta de Seó Joe, clár seachtainiúil a bhíodh á chur i láthair ag Joe Reddington ar RnaL, atá anois ar dhuine de cheannasaithe TG4, i rith na chéad bliana de shaol Raidió na Life agus an stáisiún ag craoladh ar mhinicíocht 102.2fm mar a bhí ag an am, leis an mana "Céad 'sa Dó, Beo", a gcuimhneodh mórán daoine air. San eagrán speisialta a craoladh, thug criú Raidió na Life faoi chraoladh seachtrach den chéad uair agus an clár á chraoladh beo ó bhád farantóireachta an Sea Links 2, bád úrnua ag an am a bhí ag taisteal ó Hollyhead na Breataine Bige go dtí Dún Laoghaire i rith an chláir. Thug Raidió na Life faoi chraoladh seachtrach speisialta eile arís i mbliana nuair a chraol siad dhá chlár speisialta beo ó fhéile na Picnice Aibhléisí nó an Electric Picnic i gCo. Laoise, nuair a chraoladar beo ón bPuball Gaelach ag an bhféile le dhá chlár speisialta á gcur i láthair ag Tristan Rosenstock. [Ar Lean] |
On Thursday, 25th of September, a celebration was held in Dublin as Raidió na Life 106.4fm celebrated its fifteenth birthday. Raidió na Life is an Irish language station which provides service to the Irish speaking community in Dublin, and it was the first public radio station in the country to receive a licence to broadcast from the Broadcasting Commission of Ireland. A special schedule of programs from the archives were broadcast last Thursday afternoon as well as a programme called 'Time Warp' which Traic Ó Braonáin, the presenter of the programme 'Neamh', broadcast during the day. Among the special programmes broadcast from the archives, there was a special edition of 'Seó Joe', a weekly programme which was broadcast by Joe Reddington on RnaL. Joe is now the Assistant Chief Editor with Nuacht TG4. During the first year of Raidió na Life, which was then broadcast over the frequency 102.2fm, with the slogan 'Céad's a dó Beo' which most people will remember it by. In the special edition, the crew at Raidió na Life undertook an outside broadcast for the very first time and a live show was broadcast on board the ferry Sea Links 2, which sailed from Dublin to Hollyhead during the course of the show. Raidió na Life also broadcast live this year from Electric Picnic, Co. Laois, where Tristan Rosenstock broadcast two live programmes from the Irish language tent at the festival.
|
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com